
Seachtain na Gaeilge 2025
Bhí Seachtain na Gaeilge den scoth againn an tseachtain seo. Ghlac na buachaillí páirt i réimse leathan imeachtaí ar nós cic fada, comórtas ealaíne agus tráth na gceist chun beagán a lua.
Comhghairdeas leis na buachaillí a bhuaigh comórtas na seamróige. Bhí an-chraic ag an séú bliain sa chomórtas cic fada, bhuaigh Ben McDonnell ó rang Ms. Fleming, maith thú!
Chan an rang ceoil sa chéad, dara agus séú bliain ‘Grace’ as Gaeilge don scoil ag na tionóil i rith na seachtaine.
Tá comhghairdeas tuillte ag gach duine a ghlac páirt. Buíochas ó chroí leis an gcoiste Gaeilge a rinne sárobair agus na múinteoirí sa Roinn Gaeilge chomh maith.
Tá níos mó eolas faoin nGaeilge ar scoil le feiceáil ar ár gcuntas Instagram @gaelbhratach_naascbs
Lá Fhéile Pádraig faoi mhaise daoibh go léir.
An Roinn Gaeilge