News

Seachtain na Gaeilge

15 March 2023

Bhain gach duine an-taitneamh as na himeachtaí go léir a bhí ar siúl an tseachtain seo. Buíochas leis na múinteoirí Gaeilge chun gach rud a eagrú!
Maith sibh do na scoláirí sa chéad bhliain leis an gcomórtas postaer agus dara bliain leis na seanfhocail agus Tráth na gceist sna ranganna.
Comhghairdeas le daltaí na tríú bliana leis an tráth na gceist Dé Máirt. Buíochas le daltaí na hidirbhliana as an gcabhair freisin, go háirithe ár MC – Joe Halligan!
Bhí 5ú bliain ag baint taitnimh as tae agus plé agus imeachtaí sna ranganna.
Beidh an Cic Fada (6ú bliain) ar siúl an tseachtain seo chugainn.
Seachtain den scoth a bhí ann!
Comhghairdeas ó chroí le gach duine as bhur gcuid oibre go léir! 
 
Múinteoirí Roinn na Gaeilge